Impíonn Seanadóirí Shinn Féín ar a gcomhleacaithe vótáil i gcoinne ciorruithe buiséid

97 views · Published 15 December 2012 · 0:57 · Indexed 20 October 2026

Channel: Sinn Féin · 2012 · News & Politics

Watch on YouTube

Tá achainí déanta ag Seanadóirí Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, David Cullinane agus Kathryn Reilly ar a gcuid comhleacaithe sa Seanad chun 'an rud cothrom a dhéanamh' agus vótáil i gcoinne na ciorruithe buiséid nuair a thagann na billí Leasa Shóisialaigh agus Cáin Teaghlaigh os comhair an tSeanaid an tseachtain seo chugainn.

'Bhí sé de mhisneach ag Colm Keaveney beart a dheanamh de réir briathar agus tá súil agam go leanfaidh a chomradaithe ó pháirtí an Lucht Oibre ach go háirithe sa Seanad a gcuid bunphrionsabail nuair a bheidh muid ag plé, agus le cúnamh De ag vótáil síos, na ciorruithe buiséid', a deir Seanadoir Ghaillimh Thiar, Trevor Ó Clochartaigh.

'Labhair cuid mhaith Seanadoirí amach i rith na seachtaine i gcoinne ne beartais fhíochmhara chun faoiseamh cúramóirí, sochar leanaí, cáin teaghlaigh agus cuid mhaith eile a thabhairt isteach mar chuid de Bhuiséad 2013. Caithfidh siad anois gníomhú, nó staonadh den cháineadh. Níl aon mhaith a bheith ag rá leis an bpobal agus iriseoirí go bhfuil siad i gcoinne na beartais seo má bhrúnn siad tríd Tithe an Oireachtais iad. Tuigtear dom ach go háirithe go bhfuil sé raite go poiblí agus go hoscailte ag na Seanadóirí John Whelan, James Heffernan, John Kelly, Denis Landy (LO) & Martin Conway (FG) go bhfuil imní orthu agus caithfidh siad anois a gcoinsias a leanúint agus vótáíl in aghaidh na gciorruithe éagcothrom agus éagóireacha seo', a deir Ó Clochartaigh.

'Níl móramh an Rialtais leath chomh mór sa Seanad is atá sé sa Dáil agus tá seans an-mhaith ann go bhféadfaí na billí Leasa Shóisialaigh agus Cáin Teaghlaigha bhualadh ann má thagann siad siúd atá i gcoinne na gciorruithe amach ina aghaidh. Áirím ansin na Seanadóirí atá míshásta leis na beartais ar bhínsí an fhreasúra, ó na painéil Ollscoile, na Seanadóirí atá ainmnithe ag an Taoiseach agus ó bhínsí an Rialtais féin'.

'Cuirtear i leith an tSeanad go minic nach bhfuil feidhm ar bith linn, ach seo am gur féidir linn a léiriú nach bhfuil sé sin amhlaidh, nach gcaithfidh muid sampla na Dála a leanúint gan smaoineamh agus go bhfuil sé de chumhacht againn stop a chuir le reachtaíocht den chineál seo. Sílim gurb shin an rud gur mhaith le formhór pobal na tíre go ndéanfaimís agus gur b'shin an rud ceart le déanamh'.

'Cloisim go mbeidh na Seanadóirí a d'ainmnigh an Taoiseach ag teacht le cheile go luath an tseachtain seo chugainn leis na roghanna vótála atá acu a phlé. Tuigtear dom go bhfuil míshuaimhneas ina measc maidir lena bhfuil beartaithe sna billí Leasa Shoisialaigh agus Cáin Teaghlaigh agus tá súil agam go seasfaidh siad suas ina gcoinne',a deir Ó Clochartaigh.

'Seo seachtain fíorthábhachtach don tSeanad agus tá súil agam go ndéanfaidh mo chomhsheanadóirí machnamh domhain agus fada ar céard é an rud is fearr do mhuintir na tíre agus go dtacóidh siad linn ag cur in éadan na billí Leasa Shóisialaigh agus Cáín Teaghlaigh nuair a bheidh siad ós ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. Anois an t-am le beart a dhéanamh de réir briathar agus tá súil againne i Sinn Féin go mbeidh sé de mhisneach ag ár gcomhleacaithe sa Seanad an rud céanna a dhéanamh', dar le Trevor Ó Clochartaigh.

More from this channel