Bhronn An Cumann Gaelach UCD Gradam de hÍde ar an gcoimisinéir Eorpach Máire Geoghegan-Quinn

1,011 views · Published 24 January 2014 · 9:13 · Indexed 22 October 2026

Channel: UCD - University College Dublin · 2014 · Education

Watch on YouTube

Bhronn An Cumann Gaelach UCD Gradam de hÍde ar an gcoimisinéir Eorpach Máire Geoghegan-Quinn mar aitheantas ar an obair mhór atá déanta aici chun an Ghaeilge a chur chun cinn le linn a saol poiblí.

Tharla an searmanas bronnta oifigiúil i Seomra Díospóireachta Fitzgerald, Lárionad na Mac Léinn, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

Tá Gradam de hÍde ainmnithe i ndiaidh duine de bhunaitheoirí agus iar-Uachtaráin An Chumainn Ghaelaigh UCD, Dubhghlas de hÍde.

Rinneadh an chéad Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath de Dhubhghlas de hÍde i 1909. Bhí an post sin aige go dtí gur éirigh sé as i 1932. Toghadh é mar chéad Uachtarán na hÉireann i 1938 agus d'fhóin sé go dtí deireadh a théarma i 1945.

Bronntar Gradam de hÍde ar dhuine a gcreideann An Cumann Gaelach UCD a chuir an Ghaeilge chun cinn agus a thacaigh léi le linn a shaol/a saol poiblí.

"Aithnítear leis an ngradam seo an obair mhór atá déanta ag an gCoimisinéir Geoghegan Quinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus san Eoraip - ón tráth a bhí sí ina hAire Gaeltachta, ina hAire Dlí agus Cirt agus ina hAire Iompair agus Turasóireachta go dtí an lá atá inniu ann agus í ag fónamh ina Coimisinéir Eorpach um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht," a deir Peadar Ó Lamhna, Leas-Reachtaire An Chumainn Ghaelaigh UCD. 

Tar éis di glacadh leis an an ngradam, mhínigh Coimisnéir Geoghegan-Quinn dóibh siúd a bhí i láthair,  a  thábhachtaí  is atá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach,  léirigh sí  na slíte ina dtugann sí féin tús áite don Ghaeilge ina chuid oráidí agus labhair sí ar na deiseanna fostaíochta  atá ar fail dóibh siúd  le Gaeilge, sa Choimisiún Eorpach.

Sa bhliain 2008 a bhronn An Cumann Gaelach UCD Gradam de hÍde an chéad uair. I measc na ndaoine ar bronnadh an gradam orthu roimhe seo tá:  an fear grinn, Des Bishop; an craoltóir, Hector Ó hEochagáin; agus Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigín.

More from this channel